Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 183

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 183
  3. XML “Saibhreas i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Saidhbhreas i bhFolach.
    Nuair a cuireadh na Danair amach as Éirinn chuir siad póta óir i bfolach i gCnoc na Slighe. Tamall fada indiaidh sin tháinig bad isteach na Chora ar an taobh ó chuaidh de thráigh na Rósann, agus shiubhail siad aníos an cnoc go dtí an áit a rabh an t-ór. Bhí fear amuigh an cnoc fa-choinne mónadh. Nuair a chonnaic sé an dream daoiní comh luath ar máidín síl sé gurabh iad na sídheogaí a bhí ann. Táinig eagla air agus chuaidh sé i bhfolach. Choimhéad sé iad agus tháinig siad aníos agus thug leobhtha an t-ór. Chuaidh siad síos na Chora aráis agus d’imthigh siad le bánughadh an lae. Chonnaic Pádraig Mac Giolla Bhríghde iad ag seoladh amach báighe Dhumchan. Táinig an fear na bháile agus chuaidh sé féin agus sgaifte eile fear amach. Nuair a tháinig siad fhad leis an áit a rabh an t-ór bhí an t-ór ar siubhail agus lorg an phóta isteach sa charraig. Ón lá sin go dtí an la indiú tá lorg an phóta istoigh ins an charraig.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Ó Buadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Donegal