Sgéal. Na trí cheist doiligeacha
Bhí bean draoidheacha ann fad ó shoin agus bhí beirt mhac aicí. Cúpla a bhí ionnta agus bhí a mhatair iongantach olc de fhear aca. Trathnóna amháin chuir sí isteach i mála an leanbh, agus thug sí dó fhear a bhí ag buachailleacht muc é. D’iarr sí air é a thabhairt de na muca le h-ithe, acht i n-áit é a chathamh ag na muca. Thug sé leis chun an bhaile é, agus thóg sé é go rabh sé na buachaill.
Bhí sé ar an scoil ag an t-sréaduidhe seo go rabh sé na fhear leigheannta. Lá amháin bi an sréaduighe amuigh ag buachailleacht na muc, tháinig athair an gasúra fhad leis, agus dubhairt sé leis go rabh trí ceisteanna doiligheacha aige le cuir air agus mar bhfuasglachadh sé iad go mbainfeadh sé an ceann dó. D’iarr sé air fios a bheith aige cá rabh lár an domhain agus dubhairt seisean go mbéadh fhios.
Chuaidh sé na bhaile an oidhche seo agus é iongantach sganruighe, agus chuir sé ceist air cá rabh lár an domhain agus dubhairt seisean leis dá seasachadh sé ar mhollach a chinn a cosa i chuir ináirde, go mbéadh lár an domhain ins an áit a mbéadh a cheann aige. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc dtáinig maidin.
(continues on next page)