School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 475
- XML “Scéal - An Bhaintreach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus cuirfidh mé culaith pháipeáir uirthi.
D’imthigh an ghirrseach na bhaile, agus d’innis sí seo, dó á athair, agus pósadh an bheirt aca cupla lá indiaidh sin, agus bhí an leas-mhathair iongantach maith do an leas-inghean ar feadh tamaill.
Ins an deireadh d’éirigh sí olc duithe. Chuir sí an ghúna síoda ar a inghean féin, agus chuir an guna eile ar bhean eile. Bhéarfeadh sí uirthi gach aon rud a dheánamh, agus chuirfeadh sí amach i chruinniughadh sméara dubh í.
Lá amháin bhí sí amuigh, agus ní rabh sméara ar bith le fagháil aici. Ní rabh sí i bhfad go dtáinig sí fhad le bruach beag, agus chonnaic sí bóchog beag. Bhí trí fhear astoigh sa bhochóg, agus ní rabh siad a ghath níos mó, ná fód mónadh.
Chuaidh sí isteach, agus shuidh sí ar chathaoir. Diarr an chead fhear uirthi an t-urlár a sguabadh. Thug sí nidh dó, an nidh a bhéarfas, mise duit go mbéidh tú iongantach saidhbhir.
D’iarr an dara fear uirthi, móin a chur ar an teine, cuir, an nidh a bheárfas mise duit go bposaidh tú mac an Riogh.
Diarr an tríomhadh fear uirthi, pota uisge a chur síos, chuir, an nidh a bheárfas mise duit, go tú an ghirrseach as deise ar an domhan. D’amharc sí thart, agus chonnaic sí greasógaí, agus(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Seosamh Ó Colla
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Charraig, Co. Donegal