School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 428
- XML “Scéal - Na Trí Fhathach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a dhearbhrathair caite ar an talamh agus bhí sé iongantach buadhartha. D'amharc sé suas ins an creann agus chonnaic sé an gasúr. An tusa a mharbh mo dhearbhrathair? Is mé, ars an gasúr. Go n-uas ar an talamh go n-íosfadh mé thú. Nuair a bhí an gasúr ar an talamh thug an fathach iarraidh air, acht streall an gasúr an cionn dó. Thug an gasúr leis an t-eallach na bhaile ach níor innis sé gur mharbh sé fathach eile. Ar maidin lá thar na bhárach dubhairt an maighistir nár mhothuig sé ach búire amháin aréir. Níor leig an gasúr a dhath air féin. Rinne sé réidh. Thug sé leis an t-eallach agus chuaidh isteach ins an coillidh. Ní rabh sé i bhfad nuair chonnaic sé an fathach ag teacht. Léim sé suas ins an creann. Chonnaic an fathach é. "Goitse anuas" ars an fathach. Chaith an gasúr an claidheamh air agus mharbh sé é. Chuaidh sé giota eile frí an coillidh agus chonnaic sé caisleán. Chuaidh sé isteach ann agus bhí sé lán ór. Chuaidh sé na bhaile chuig an maighistir agus thug sé go bhfacaidh sé é. Cúpla lá ina dhiaidh seo phósadh nighean an mhaighistir agus an buachaill agus bhí siad ina gcomhnuidhe ins an caislean ní ba mhó.
- Collector
- Máire Ní Dhuibhir
- Gender
- Female
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Informant
- Éamonn Mac Giolla Easbuig
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Doirí Beaga, Co. Donegal