Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí beirt mac aici. Bhéadh fear aca i dtólamh breoite, agus bhí an t-sláinte go maith ag an fhear eile.
Bhuail an bás an gasúr a bhí breoite agus fuair sé bás. D'imthigh an mháthair ag an sagart agus d'innis sí dócaidé tharluigh. Tháinig an sagart agus bhí dhá easbol leis. Chuaigh siad ar a n-glúine ag taoibh an áit a rabh an gasúr marbh, agus thoisigh siad a urnaighe acht ní dheachaidh an sagart ar a ghlúine an t-am seo ar chor ar bith.
Bhí an dá easbol ar a n-glúine ag urnaighe acht ní rabh siad ábalta an gasúr a dhéanamh beo. Acht nuair a bhfaide leis an t-sagart a bhí siad, gan an gasúr a dhéanamh beo. Dubhairt sé, lucht an chreidimh lag, éirighidh amach as seo. Agus d'éirigh.
Chuaidh an sagart é féin ar a ghlúna annsin agus rinne sé an gasúr beo. D'imthigh an sagart agus an dá easbol na bhaile. Bhí luthghair mhór ar an mháthair nuair a cháinig sí an gasúr beo.
Tamall maith na dhiaidh seo, is cosamhail go rabh an gasúr eile amuigh ar an bhealach mhór oidhche amháin agus chualaidh sé droch fhocal. Chuaidh sé a gháiridhe faoi. Tháinig sé isteach na bhaile an oidhche seo agus chuaidh sé a luighe, agus bhí sé marbh ar maidin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhuibhir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Dhuibhir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Donegal