School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
Lunniagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Filter stories

Back
/ 566 Forward
Resolution: Low | High
Scéal - An Capall Bán

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear agus bean ann agus bhí capall aca acht bhí sé iongantach aosta agus ní rabh sé ábalta obair ar bith a dhéanamh agus bhí eagla ortha nach bhfuigheadh siad oirid airgead air as ceannochadh capall eile daobhtha. Bhí an fearr iongantach rógánta agus bhí eagla ar an bhean go nimireochadh sé feall agus go mbéidir go bhfuigheadh siad isteach i dtrioblóid fá dtaobh de.
Chuaidh sé chun an aonaigh leis. Tháinig fear go dtí é agus thairg sé punnta dó, dubhairt seisean nach ndíolfadh sé é go bhfuigheadh se trí scór punnta air na go bhfuil a shaidhbhreas déanta aige air agus go gcruthóchadh sé sin dó. Chuir sé isteach i stábla é agus gach uair a bhéarfadh sé coirce dó braitlín gheal a chur faoin tubán agus go rachaidh an coirce le anál an chapaill agus go rachadh sé a chur amach airgid.
Ligfidh muid dó anois leath uair agus nuair a philleas muid siad ar ais, beidh airgead amuigh aige, agus leag siad dó agus nuair a tháinig siad ar ais bhí trí leath-choróin ag maighistir an chapaill ina dhorn. Leig sé air féin

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Dhuibhir
Gender
female
Age
14
Address
Lunniagh, Co. Donegal
Informant
Tomás Ó Colla
Gender
male
Age
83
Address
Derrybeg, Co. Donegal
Language
Irish