School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 407

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 407
  3. XML “An Lánúin Bhocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Chuirfeadh an fear airgead i dtaisgidh i gcomhnaidhe fá choinne na coise tinne. Chuaidh an fear amach lá amháin agus tháinig fear bocht isteach. Shíl an bhean gurbh é seo an fear 'na rabh airgead na coise tinne fá na choinne agus thug sí dó é.
    Nuair a tháinig a fear 'na bhaile an oidhche sin d'innis sí dó go dtáinig an fear úd indiu. Chuir seisean ceist cerbh é an fear. Dubhairt sise gurbh é an fear 'na rabh airgead na coise tinne fá na choinne agus go dtug sí an t-airgead dó. Bhí fearg mhór air nuair a chuala sé seo. Dubhairt an bhean go gcaithfeadh siad an bhó a mharbhadh, agus an fheoil a shnáthadh leis an chál a bhí ins an gharrdhadh.
    Mharbhuigh siad an bhó agus chuir seisean giota feola ar gach ceairthlín cháil. Nuair a tháinig maidean lá thar na bhárach bhí an fheoil uilig ar shiubhal leis na madaidh agus cait a bhí san áit.
    Dubhairt an bhean annsin nach rabh níos fearr le déanamh ná dul amach a chruinniughadh. Nuair a bhí siad ag imtheacht d'iarr an bhean ar an fhear an doras a tharraingt amach 'na dhiaidh. Nuair a chuaidh sí giota fada b'fhada léithe gan a fear a bheith ag tarraingt suas léithe, agus ar amharc thart dhí chonnaic sí é ag teacht agus an chomhla leis ar a dhruim. Nuair a chonnaic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Cholla
    Gender
    Female
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Brighid Nic Giolla Chomhghaill
    Gender
    Female
    Address
    An tArd Donn, Co. Donegal