School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 36

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 36

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 36
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí am mór fa’n teach, anois ag deánamh bruadair réidh fá choinne na troda. Fuarthas éich dó a bhí comh láidir lé léoman, agus comh gasta lé gearrfhiadh, cuireadh plátaí iarrainn ar a eadan, agus liúrach ar a thaobhanna. Fuarthas cóta liúrach do bhruadair fosta agus an chlaidheamh a b’fearr a thiocfadh lé gabha ‘dheánamh, no airgead a cheannacht.
    Ar maidín bhí bruadar ag imteacht, glac cumhaidh mór dhaibhidh agus d’iarr sé cead bhruadar dhul leis. Thug bruadar cead dó agus fáilte, mar ba mhaith leis duine dé muinntir féin ‘bhéith comhgarach aige ag an troid. Gléasadh capall eile dó daibhídh, agus fuair siad claidheamh dó fosta.
    Thug Carán a bheannacht dobhta annsin agus d’imthigh siad. Ní thearn stad na comhnuidhe gur sroich siad an chathair ‘na raibh caisleán an ríogh. Chuir siad futha i dtoigh osta an oidhche. Nuair a d’éirigh siad ar maidín, cuireadh a gcuid [bí]? isteach aca ach ní raibh bruadar i ndán a chuid fhéin a chaitheamh.
    “Sin go leór” arsa daibhídh, “duine ar bith nach bhfhuil ábáltá a chuid a ithe, ní dheánfaidh sé maith. A Bhruadair tá tú buailte h-einifín”.
    “Tá eagla orm go bfuil” arsa Bruadar “no tá mo chroidhe fhéin ag innse damh nach mbainim, racaimid na bhaile”.
    “Gabh thusa na bhaile” arsa daibhídh “ach ní rachaidh mise ó tháinig mé an fhád seo ní phillfidh mé go bhfhiachaidh me an “bulaidhe” “Pill thusa na bhaile agus ma bhainim ní bhéidh mé a bhfad do dhiaidh. Agus muna mbainim ní chuirfhidh mó bhás buaidhreadh ar a’n duine. Níl duine ar bith le mó chaoineadh. Chuirfeadh na focaile seo a dubhairt Daibhídh i gcuimhne do dhuine na línte úd Tomás de Ais:-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal