School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 21

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 21

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 21
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ceann de.
    Ach ní raibh na h-Albanaigh sásta le seo. Ba mhaith leó fiachaint go maith cad é an sórt duine ‘bhí san gasúr. Agus arsa’n ceannphort “Fághamaois da ghasúr Albanach agus cuirimís iad fhéin agus an gasúr gaedhealach, amach le trí athchuinge d’iarraidh, agus annsin bhéidh fhios againn cia aca tá sé maith nó olc.
    Fuarthas an dá ghasúir Albanach agus cuireadh an triúr amach. Nuair a cuaidh siad amach d’iarr an t-Albanach ba sinne ar an Ghaedheal an chead athchuinge d’iarraidh.
    “Ní iarrfaidh” arsa’n gaedheal” is tusa is sine agus is tú is cóir an an chead cheann d’iarrfidh. Bhí siad ag airreagal tamall cé d’iarrfadh an chead athchuinge. Sa deireadh rinne siad amach go gcuirfeadh siad ar crannaibh é.
    Fuair an gasúr a ba sine trí sifíní, ceann fada, ceann níos giorra, agus ceann goirid. An te tharraingeóchadh an ceann fada, bhéadh air an chead athchuinge dh’iarraidh, An té tharraingeochadh an darna ceann, bhéadh air an darna athchuinge dh’iarraidh, agus an té a tarraingeochadh an ceann goirid, bhéadh air an tríomhadh ceann a dh’iarraidh.
    Tharraing a gasúr gaedhealach an ceann gearr tharraing an stócach óg de chuid na h-albán an ceann níbh ‘fhuide na sin, agus fágadh an ceann fada ag an stócach ‘ba shinne. B’éigean dó-san an chead athchuinge a iarraidh agus ar seisean “Da mbéinn-sé mo rí ar an ghleann seo ‘tá faoim. Fhad ‘s tchídheann mo shúil bhéinn an-shásta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal