Ins an am a bhí Sasain ag cur anall ar Teanántaí go h-Éirinn, bhí beirt fhear 'na gcomhnuidhe ag taobh a chéile sa taobh ó tuaidh d'Eirinn. Bhí fear amáinina gaedheal agus bhí an fear eile 'na Albanach. Bhí teaghlach mór agus beagán maoine, ag an ghaedheal, agus bhí neart maoin ag an albanach, ach ní raibh teaghlach ar bith aige.
Lá amháin, nuair a bhí siad ag cainnt le chéile, arsa'n t-albanach leis an ghaedheal. "tchídhm go bhfhuil teaghlach mór agat-sa agus go bhfhuil an bhliadhain seo ag cur cruaidh go leór leat le biadh d'fhághail daobhtha." Dheánfaidh mise an margadh seo leat:- "má bheireann tusa duine de do chuid mac domhsa le timthireacht a dheánamh damh, agus cuidiúghadh liom mó thalamh oibriughadh go dtógfaidh mise mar ghaedheal é, agus fosta go mbéidh sé mar oighre ar mo chuid talaimh nuair a gheóbhas mé fhéin bás""
"Dheánfaidh mé sin" arsa'n gaedheal mar tá fios go gcoinneochaidh tú le d'fhocal."
Bhí go maith, agus ní rabh go h-olc. Cuaidh mac an gaedhil go teach an albanaigh agus bhí ag obair dó, mar bhéadh sé ag obair do a athair fhéin. Nuair a tháinig an t-am le n-a chur 'na sgoile, chuir an t-Albanach go sgoil gaedhealach e" le é fhághail tugtha suas
(continues on next page)