School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fada caillte iad." B'éigin dí fanacht mar a bhí sí go maidin.Ag dul abhaile dí ar maidin chonnaic sí gach teach leagtha. Bhí sí lán cinnte go raibh a páistí bochta caillte. Nuair a tháinig sí ar amharc an tighe bhí an -iongnadh uirthi an teach d'fheiceál in a sheasamh gan sop bainte as. Rith sí isteach in a tigh agus fuair sí na páistí chomh slán is a d'fhág sí iad. Bhí an inghean in a dúiseacht agus bhí an chuid eile in a gcodladh.
"A ghrádh," arsan mháthair léi" ar chuala tú an ghaoth mhór?
"Níor chuala mé tada" ar sise, "acht tháinig m'athair isteach agus shochruigh sé na h-éadaighe leabthan orainn. Annsin chuir sé cúl a dhá chos leis an teine. Bhí sé ag féachaint orainn san leabaidh. Tar éis tamaill chuaidh sé amach."
"A ghrádh" arsan mháthair "an raibh faitchíos ort?"
"Cé'n fáth" arsan páiste a mbéadh faitchíos orm roimh m'athair?(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Loinn
- Gender
- Male
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo