Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)
- Suíomh:
- Bangor, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Énrí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Beannchor Iorrais
- XML Leathanach 205
- XML “Brían Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhaoíne thios insa pháirc sheas sé agus tosuigh sé ag amharc orrtha agus mothúigh sé paistí ag caoíneadh go mór. Agus chúaidh sé síos go bhféiceat cé'n fáth a raibh na paistí ag caoineadh agus chonnaíc sé go raibh na paistí curtha amach ar na leabachaí a bhí aca agus a mháthair agus bhí an sherif ag cur an glas ar an doras agus na paistí bochta ar taobh an bhóthair a' caoineadh. Fúaidh Brían go dtí an sheríf a bhí ag cur glas ar an doras. Bhí ar ndóigh arm mór polís. Chúaidh Brían go dtí an sherif bhí a croídhe briste le truaigh go'n mátair agus go'n na páistí.
"Muise" ar séisean leis an tsheríf "A leigtheá isteac an bhean sin agus na paistí aris in-a teach beag in-onóireachas do Dhía agus do Mhúire.
"Leigfhínn" arsa an sherif "Da bfághainn an t-airgead atá dlíghte Tá cíos trí blíadhna oirthe agus caithfídh sé dhul amach"
"Mheul" "anoís ar seisean da dtugainn-se duit an chíos." Cé mhéad atá insa gcíos"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Gallachobhaír
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Darraragh, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Brían Ó Corragán
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Claggan, Co. Mayo