Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 160
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“San tsean-aimsir ní bhíodh aon tsiopa ...”
(ar lean ón leathanach roimhe)i bpardóga go Béal an Átha íad ar bheithidheach capaillPáidín A'Tae: Dhíoladh sé tae. Diompruigheadh sé i gciseán é, 2s.6p an punt. 50 bl. ó shoin.Airgead: Bhí Mártan Bairéad as Tulachán Dubh, Gaoth-Sáile, Béal an Átha thall i mbaile mór i Northumberland, tuairm dá fhichead bliadhan ó soin. Bhí sé féin agus beirt fhear eile istigh i dteach ósta oidhche Dia Sathairn ag ól beórach. Thainig fear uasal isteach agus shuidh sé in aice leó. Nuair a bhí Mártan ag glaodhach ar deoch dfhifruigh sé de'n fhear seo a mbeadh deoch aige agus dubhairt sé go mbeadh.
Nuair a bhí an deoch sin ólta glaoidh an fear uasal ar cheann eile. Dubhairt sé le Mártan a sheasamh ag an gcúntar agus tsóinteáil a thógáil. "Ní sheasfaidh me", arsa Mártan. "Dean, dean", ars an bheirt eile. Sheas sé mar dubhradh leis. Chuir an fear leathchoróin amach, thóg Mártan an tSóinteáil agus chuir sé i bpóca fá leith é. Ghlaoidh an fear 8 ndeochanna a's bhí an leathchoróin ceudna aige ar deireadh.
Chuaidheadar amach annsoin go bhfuigheadh síad suipéar. Thóg Mártan leath-choróin as a phóca le íoc air. Chonnaic an fear í. A gcreidfeá go dtiocfadh liom, ar sé, an leath-choróin sin a thabhairt as do láimh gan baint dí. "B'féidir", arsa Mártan,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Gamhnáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Bán, Co. Mayo