Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 159

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 159
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    San tsean-aimsir ní bhíodh aon tsiopa ...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    i nGaoth-Sáile. Ní'l aon mhargadh nios goire na Béal a' Muithrid.
    Má's mian leat beithidheach capaill a dhiol nó a cheannach, ní mór dhuit a dhul go Béal a'Mhuithrid nó Béal an Átha.
    Is minic a chonnaic mé féin iasg, slatracha, agus planndaí cabáisde ar diol i nGaoth-Sáile tár éis aifrinn (in éis)
    Bhí airgead gann san t-sean-aimsir agus is é a bhíodh i n-úsáid
    Thigeadh iasgairí as Inis Sgéidh agus Acaill agus gheibhidís móin agus fataí mar mhalairt ar an iasg. Thárluigh sé seo go minic ó thainig mé fhéin annseo. Ní raibh leisge ariamh annseo ar dhaoine rudaí a cheannach agus a dhiol ar an Dómhnach. Toisigheann siad ar theach a dhéanamh ar an Aoine agus ní théidheann siad isteach i dteach úr le cómhnuidhe ann acht ar an Aoine.
    Brighid Nic Deagáin - builíní, tae, siucra. 60 bl. ó shoin
    Máire Nic Deagáin - síbín, iasg, milseáin. 25 bl. ó shoin
    O Cinnéidí Mór - barr-iallacha, bioráin, snáithidí. 10 bl [ó shoin]
    Beartlai O Nóra - spéacláirí, rásúir, snáithidi, barr-iallacha. 20 bl ó shoin.
    Máire Ní Bhroineanáin - tae, siúcra, tobac. 70 bl. ó shoin
    Sorcha bheag - Thug builíní ar fhatai. 70 bl. ó shoin
    Bean Ruaidhri Uí Ghacháin: Cheannuigh sé uibheacha ar shé pingne agus 8 bpinge an scór. Thug Ruaidhri
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac Thámhais
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Brian Ó Gamhnáin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulachán Bán, Co. Mhaigh Eo