School: Cuilleán

Location:
Cuillaun, Co. Mayo
Teacher:
León P. Mac Eachmharaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0098, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0098, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuilleán
  2. XML Page 008
  3. XML “Scéal Éigin Grinn”
  4. XML “Scéal eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bpáirc a raibh tarbh fiadhain acht thug an fathach buille anuas ar an gceann do'n tarbh agus mharbhuigh e.
    Annsin cheap an feilméara ar seift. Dubhairt sé leis an [bh]fathach dul go h-ifreann le h-aghaidh a shean-mháthar. Rinne sé amhlaidh. Bhí sé a' siubhail go dtáinig sé go síbín. Isteach leis. D'ól sé trí bairillí poitín. Ar aghaidh leis go dtí go dtáinig [s]é go h-ifreann. D'fhiafruigh sé de'n deabhal cá raibh sean-mháthair an fheilméara. Dubhairt an deamhan nach raibh fhios aige. Dubhairt an fathach leis, na mná go leir a thabhairt amach. Annsin thug sé iad go léir leis gur tháinig sé go dtí an síbín arís. D'ól sé dhá bhairille an t-am seo acht nuair a tháinig sé amach bhí na mná imthighthe. Chuaidh [s]é arais go h-ifreann. Chonnaic sé an deamhan a' féachaint amach tré poll na h-eochrach. Shaith sé isteach píosa iarainn agus chuaidh sé díreach tré shúil an dheamhain. Sin é an fáth [g]o bhfuil an dheamhan ar leath-shúil. Thug sé na mná leis arís eile. Nuair a bhí sé a' teacht i ngar do theach an fheilmeara ghlaoidh sé air teacht amach rómpa. Bhí an oiread sin eagla ar an bhfeilfméir gur thuit sé marbh. Annsin bhí an fheirm agus an teach ag an bhfathach agus níorbh fhios d'aoinne ceard a thárla do na mnáibh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.