School: Cuilleán
- Location:
- Cuillaun, Co. Mayo
- Teacher: León P. Mac Eachmharaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuilleán
- XML Page 005
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ciste Óir i bhfolach
Dubairt Brighid Tunney liom atá in a comhuidhe i mBuaile Buidhe go raibh ciste óir i lios Seán Duffy fá chrann atá i lár na leasa. I n-aimsi[r] na Lochlannach a cuireadh annsin é. Cuireadh éadaigh agus biadh i bhfolach freisin ar eagla na nDanar.
Tá carnán cloch ins an áit a raibh staighre a' dul síos go dtí an áit in a bhfuil an t-ór. Dá mbá mhaith le duine an císte óir a fhághail do féin éigin dó uisce coisreacha a' chaitheamh ar an gcat mó[r] dubh atá 'á chosaint agus focla áruighthe a rádh
Fuair fear darbh ainm Tomás Ó Laighin dhá chis[te] óir ar thaobh an bhóthair láimh le Béal Átha h-amhnais. Oidhche amháin nuair a bhí sé i n-a codladh, tháinig guth go dtí an fhuinneóg a' rádh leis éirigh agus dul go dtí an crann a bhí i n-aice a thigh[e] le spáid agus an talamh a rómharadh faoi an gcrann. Rinne sé amhlaidh. Níorbh fhada gur tháinic sé go leic ar a raibh an sríobhadh [!] seo:- "Ar an taobh eile de'n bhóthar tá ceann eile". Níor innis sé riamh do aoinne na focla a bhí le rádh aige no ainm an duine a dubhairt leis go raibh a[n] t-ór annsin.
'Sé an t-ainm atá ar an lios atá i bpáirc Seán Duffy garrdha Uí Chonchubhair. Tá sé suidhthe ar an dtaobh thoir theas de teach Seán Duffy. Is féidir í a fheiceál míle no níos mó ó gach áird.(continues on next page)- Collector
- Aibhistín Ó Channaigh
- Gender
- Male
- Address
- Boleyboy, Co. Mayo
- Informant
- Brigid Tunney
- Gender
- Female
- Address
- Boleyboy, Co. Mayo