Scoil: Cuilleán
- Suíomh:
- Cuillaun, Co. Mayo
- Múinteoir: León P. Mac Eachmharaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuilleán
- XML Leathanach 009
- XML “Scéal eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Henaghan" a déag 40 bliadhan ó shoin agus a bhí seacht[ó] bliadhan san am sin.
Seo é an sgéal:- Maidin amháin go moch bhí fear ó Baile an Daingin a' dul go Clár Cloinne Mhuiris 'un aonaigh. Ní raibh duine ar bith leis agus bhí air du[l] thar droicid a raibh abha beag 'a' snigheadh faoí. Nuai[r] a bhí sé a' dul thar an droichid chuala sé glór a' teacht in a dhiaidh. Dearc sé thart agus céard a chonnaic sé a' teacht 'uige ach laogh. Nuair a bhí an laogh a' dul thairis stad sé agus thosuigh sé a' cainn[t] leis. Dubhairt sé leis dul in áirde ar a dhruim agus g[o] dtiubhradh sé go Clár é ach gan focal ar bhith a rádh. Rinne an fear amhlaidh ach nuair a léim an laogh thar an abhainn dhubhairt an fear "Ba mhór an léi[m] do laogh é sin". Ní tuisce na focla as a bheal na thuit sé ar an talamh. Nuair a sheas sé suas ar[ís?] bhí an laogh imtighthe agus ní fhaca sé ó shoin é. Nua[ir] a shroich an fear an baile chonnaic sé ceann de n[a] comharsana agus dinnis sé an sgéal do. Dubhairt an comharsa go bhfaca seisean an laogh céadna a' snámh ins an abhainn nuair a bhí seisean a' dul ach nuair a labhair sé d'imthigh an laogh faoi an uisce.- Bailitheoir
- Mairéad Ní Connmhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Crumlin, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Róisde
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Crumlin, Co. Mayo