School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 207
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chluig agus annsin do rinne se iarracht siubhal acht is ar a lámhaib agus a glúnaib a chuaidh sé abhaile. Ar a slige abaile do ghearr sé piosa "whang" as a bhróig agus do chuir sé in a bhéal é. Thosuig sé 'ga chogaint agus thosuig sé ag éirghe laidir de réir a chéile. Ní fhuair se bás. O'n t-am sin anuas nuair gheibheann duine "féar gorta" thart timcheall na h-áite seó tosuigheann siad ag cogaint piosa "whang".Nuair nach raibh aon biadh ag na daoine le n-ithe do thosuigeadar ag ithe neanntóga, cupóga, féir agus sa deiread na páiste óga. Do marbhuighidis na páisdí ar maidin. Annsin cuiridís i bfolac iad agus nuair do thagadh an oidhche do lasaidí teine mór agus do dhéinidís an páisde do rósta. An fhaid is do bhíodh e sin ar siubhal do bhíodh athair agus máthair an phaisde ag troid chun fághail amach cé aca a mbead an páisde.Nuair a chonnaic na Sasanaig an caoi a raibh na hÉireannaig do thugadar truaig ortha agus do chuireadar suas soithigh móra ag na crois-bothair. Do bhí na soithigh sin lán de min le h-aghaid na ndaoine mbocht.Nuair a bhí an gorta tart fuair na daoine an síl o Alban le h-aghaidh an chéad bliadna eile.
- Collector
- Brígidh Ní Chuimilín
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo
- Informant
- Áine Bean Uí Cuimilín
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo