School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 100

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 100

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 100
  3. XML “Féile na Nollag i bPont Abhann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Maidin láe Nodlag éirigheann na daoine go moch mar bíonn an t-Aifreann go moch an maidin sin. Bíonn sí dubh dorcha agus iad ag dul ar Aifreann. Glacann beagnach gach duine Comaoin Naomhtha. Ag teacht abhaile dóibh deireann na daoine le'n a chéile "Nodlaig maith duit" nó "Nodlaig seán duit"
    Bíonn na daoine fásta ag troscadh ar feadh an láe roimh lá Nodlag agus bíonn féasta mor aca Oidhche Nodlag. Bíonn coinnéal ar lasadh i ngach fuinneóig ar feadh na h-oidhche ar fad cun solus a thabairt do'n Mhaigdhean Mhuire agus a leanbh. Ní dúntar an doras an Oidhche sin. Deireann na daoine go dtiocfhaidh an Maigdhean Mhuire go gach teach Oidhche Nodlag. Fágtar an teine ar lasadh ar an teallach freisin.
    Aon Oidhche Nodlag amháin chuaidh an Maigdhean Muire agus a leanbh go teach agus diarr sí ar bean-a-tighe bíadh agus lóistín a tabhairt di féin agus dha leanbh. Do thug an bean lóistín agus bíadh dóibh. Cuir an Maigdhean Mhuire rath ar an teach agus dubhairt sí go mbeidh páiste beag ins an teach sin roimh deire na bliadna. Cuaidh an Maigdhean Mhuire agus a leanbh go teach eile agus diarr sí an rud céadhna ar bean-a-tighe sin. Níor thug an bean lóistiín ná bíadh doibh mar cheap sí gur bean déirce a bhí ann. Dubhairt an Mhaigdhean Muire nach gcurfidh Dia aon pháiste chúig an teach sin coidhche, agus níor chuir.

    Fuaireas an t-adhbhar seo ó
    Máire Ní Nadhraig
    Seanbhaile
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Christmas (~455)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní hÉalaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Nadhraigh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    18
    Address
    Shanvoley, Co. Mayo