Volume: CBÉ 0352
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“An Buachaill nach Dear' Brionglóideach Ariamh”
(continued from previous page)goidé sin?" adeir sé.
"I n-am luighe", deir si, "Glan amach áit na teineadh.
Tóg amach a’ luaith, agus luigh fhéin i n- áit na teineadh"
Rinne sé é seo. Thuit sé ’na chodladh agus níorbh 'fhada
go deachaidh sé bhrionglóidigh, go rabh sé ar bórd luing'
amach ’san fhairrge, go dtainig bathadh air. Á go rabh siad
chomhair caillte.
Dar leis "Bainfidh mé domh mo bhróga agus rachaidh mé i n-áirde i mbárr a’ chrainn, agus sáblóchaidh mé mé fhéin, agus ’tcífidh duine ìnteacht mé sháblóchas mé."
Chuaidh sé chreepeal anáirde i mbárr a’ chrainn. Chonnaictheas dó go rabh na bróga trom ar a chois, bhain sé dó ceann acu. Chaith sé uadh í. Cé’n áit ar chaith se í acht isteach ’san acht ar a’ tsean bhean bhocht a bhí ’na luighe ar 'leabhaidh ann taobh thall do’n teinidh. Leigh si sin trí scread aisti go rabh a croidhe briste. Mhusgail sí. Ca h-áit a rabh sé ’n t-am sin; thuas anns a’ tseimléir agus a dhá láimh thart ar mhaide ’n chrochaidh aige, deanamh go rabh sé creepeal anáirde go bárr a’ chrainn. Sin anois agat mar chuaidh ’n bhrionglóideach do’n bhuachaill sin, goile na sean mhná bhriseadh, agus é fhéin a bheith anáirde ’sa’ tseimléir go rabh sé mar bhéadh sweep ann.