Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bionn ainmidhthe móra neamh saoghalta le feiscint 'san bhfairrge agus i n-uisge. Tá sgeal ag na daoine mar gheall ar bhuin mhóir a coimmeadtai ar an dtráigh. Bhi ban draoi i n-a comhnnnuidhe cupla mile o'n mbaile agus gach la theigheadh sí go an dtraig ag crudh na bó.
Lá amháin do chualadh na daoine go raibh bo draoideachta ann agus nuair a bhiodh an ban-draoi ullamh le crudh na bó do theigheadh daoine an baile go dti an áit agus geibheadh siad galun lán de bainne. Lá amháin do chuaidh an bhan-draoi go dti an dtraig agus bhi criathar aici. Nuair a chonnaic an bo an bainne go leir ag imtheacht trid an gcriathar do chuaidh si amach go dti an bhfairrge agus ni raibh a tasc na a tuairisc le fail i n-a dhiaidh sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sinéad Nic Chraith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seoirse Ó Biothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir