Bionn ainmidhthe móra neamh saoghalta le feiscint 'san bhfairrge agus i n-uisge. Tá sgeal ag na daoine mar gheall ar bhuin mhóir a coimmeadtai ar an dtráigh. Bhi ban draoi i n-a comhnnnuidhe cupla mile o'n mbaile agus gach la theigheadh sí go an dtraig ag crudh na bó. Lá amháin do chualadh na daoine go raibh bo draoideachta ann agus nuair a bhiodh an ban-draoi ullamh le crudh na bó do theigheadh daoine an baile go dti an áit agus geibheadh siad galun lán de bainne. Lá amháin do chuaidh an bhan-draoi go dti an dtraig agus bhi criathar aici. Nuair a chonnaic an bo an bainne go leir ag imtheacht trid an gcriathar do chuaidh si amach go dti an bhfairrge agus ni raibh a tasc na a tuairisc le fail i n-a dhiaidh sin.KGFWKGFW