Scoil: Creagán Buí, Cora Finne

Suíomh:
Craggaunboy, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ml. Mac Consaidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 432

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 432

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creagán Buí, Cora Finne
  2. XML Leathanach 432
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Rugac agus tógadh Seamus Gobnaire Ó Maoláin i Drineach, ...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    capall eile in a ionad a bheadh gioballach.
    Thosnuig an báire fé dheire. Buaidh an taobh in-a raibh Seamus Gobnait. Chuaidh sé ar an aonach agus cheannuig sé an capall ag an crosaire. Caith sé suas é agus cheannuig sé an capaillín gioballach. Thug sé abhaile é agus gurbh é an capall is fearr a bhí sa cheanntar annsin nó in-a dhiadh.
    Thuit sé in-a chodlad oidhche agus glaodach sé ar a bhean darb ainm dí Caitlín de Barra agus dubhairt sé léi dul suas go garraidhe a bhí in-aice an leasa go raibh bó leis ag ithe fataí as carn. Nuair a chuaidh sí suas bhí an bó ins an carn agus í a riocht sgoilte o bheith ag ithe na faití.
    Chuireadh sé an líon tíge in-a suidhe go hana moch gach maidin agus ní fhanfadh sé in aon tigh na bheadh coileach ann cun glaodach agus ní leigfead sé aoinne amach as a thigh nuair a bheadh sé deanach san oidhche.
    Maidin áirithe deirig a bhean ar dtuis agus d'aduig sé an teine. Chuaidh sí amach agus dún sí an doras go daingin. Ní raibh ach aon doras ins an tigh. Nuair a chas sí thar n-ais bhí naoi gcínn de giorfithe in-a sudihe os comhair na teineadh. Chuir síad iongantas uirthi agus nuair d'oscail sí an doras chuadar amach i ndhiaidh a chéile. Dubhairt Seamus Gobnait gur daoine maithe a bhí ann.
    Chuaidh Seamhus lá isteach ar lorg díghe go Cáit Ní h-Uallacháin agus chuir sí an ruaig air agus dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maire Nic Con Midhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Móin Fhríle Thuaidh, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Maoláin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Móin Fhríle Thuaidh, Co. an Chláir