School: Creagán Buí, Cora Finne

Location:
Craggaunboy, Co. an Chláir
Teacher:
Ml. Mac Consaidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 396

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 396

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creagán Buí, Cora Finne
  2. XML Page 396
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Timcheall naoi mbliadhna is trí ficeadh ó shoin...

    396
    Timcheall naoi mbliadhna is trí ficeadh ó shoin. chuaidh ceathrar fear ar lórg óir in aice tighe Anturnae Cilltreáinin i ndoire i bparóiste Cill Seannaigh darb ainm dóibh Pádraig Ó Maoláin atá sé sin ina bheatha fós ,Seán Ó Comáin uncal don fear thuas ,Mícheál ÓCallanáin agus Mícheál Ó Maoláin. Sé an fear deireannach luidhte a thaibhrigh go raibh an pota óir annsan fé fuinneóig a pharlúis .Chuaidh sé ann chun amharc chrínn a bheith aige ar an áit ach níorbh fhéidir leis é fhágháil mar bhí tarbh mór millteach ins an -facha taobh amuigh de'n árus. Chuaidh sé ann acht úair eile ag ceannach sprúinán (mar dheadh) agus do chonnaic sé an áit díreach mar doi thaidbhrigh sé. Cúpla oidhche in a dhiaidh sin chuadar chun an áit do romhar .Thugadar leó,airgead croise, uisge coisricthe solus agus gach uile úirlis a bhí ag teastáil uatha chun an romhar do dhéanamh Bhí duine acu ag crocadh an uisge coisricthe agus an airgeadh croiose leis agus duine ag coiméad an soluis agus beirt ag romhar.Nuair a bhíodar trí troigthe síos thángadar ar leac mór,Dubhaigh an spéir agus bhí torann uathbhasach agus na crainnag crócadh mór thimcheall na háite agus tháinig reithe agus do rith sé anonn is anall ar an lic, Cailleadh an misneach annsan ortha agus chuadar abhaile.Bhí cúid púint lefághail ag aoinne a thabharfadh cúntas ar na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nich Chon Midhe
    Gender
    Female
    Informant
    Muiris O Maoláin
    Gender
    Male
    Address
    Móin Fhríle Thuaidh, Co. an Chláir