Scoil: Creagán Buí, Cora Finne
- Suíomh:
- Craggaunboy, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ml. Mac Consaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Rugac agus tógadh Seamus Gobnaire Ó Maoláin i Drineach, ...”
Rugadh agus tógadh Seamus Gobnait Ó Maoláin i Drineach, Muilte Muiris. Iománaide maith do beadh é. Sé an céad cúntas atá le fágail air iseadh nuair a bhí sé ocht mbliadna deag d'aois. Cuireadh cuireadh air teacht go Fusac taobh thior de Cill-na-Móna ag iománaideacht le daoine dá shaghas féin.Chuaidh sé féin agus comharsan go h-aonach na Gaillimhe ag ceannach capaill. Nuair a shroiseadar áith ar a dtugtar Cnoc Méad air i meadon oidhche do rith iománaidhe amach. Chuir sé céad mile fáilte roimh Seamas Gobnait O Maoláin ó Líos Driníghe agus dubhairt sé leis dá mbeadh fear saogalta ag imirt leó, mbuadfaidís an báire. Do ghéill Seamus Gobnait dó agus annsin fuair sé comán. D'imthig an comharsan eile leis féin go dtí an aonach. Bhí gach rud socruighthe cun an bháire agus dubhairt an fear a thug an comán dó nuair a bheadh a báire críocnuighthe go tarrthuigheóchadh bean deoch bainne as canna dó agus gan í ól. Do tarrthuigheadh an deoch mar a dubharadh ach d'éitigh Seamus í annsin chuir an bhean a méar ins an bainne agus címil sí dá phus é. Sin é an uair a bhain an tiormeasg dó. Dubharadh leis nuair do raghadh sé ar an aonach go gceannóchadh sé capall ag crosaire in aice an chathair agus nuair a thiomáfaidhe isteach go dtí an chathair í go ndeanfad sé sgrudú eile air agus go gcaithfeadh sé suas é ach go gceanóchadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maire Nic Con Midhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Móin Fhríle Thuaidh, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Maoláin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Móin Fhríle Thuaidh, Co. an Chláir