School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann aon uair amháin, ...”
Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí sé 'na comhnuidhe i Litir Úi Cheallaigh. Fear ana bheag ar fad do bead é ach bhí sé ana láidir, agus bhí sé ábalta, naoi deag nó a fiche de ch.d. a iomchar ar a dhrom.
Thug fear ó Túirín céacht dúbalta ar a dhrom thar na sléibhte, agus chuaidh sé thar an scoil seo agus thar Shliabh Calláin, agus nuair a bhí sé ag dul thar an shliabh chonnaich sé a chaora féin istig i bpoll agus chuir sé ar a ghualainn é, leis an gcéacht dúbalta. Sé an t-ainm a bhí ar an bhfear san ná Pádraig Seán Aodh.
Bhí fear ina chomhnaidhe i gClocánmóir fadó dar bainm Peadar Ó Healighthe, agus bhí sé ana mhaith cun cluiche do chaitheamh. Bhí fear eile na chohnaidhe i gCathairmuduff a bhí ana mhaith chun cluiche do chaiteamh leis, darb ainm Tadhg Breathanach.
Bhí cúigear no seisear d'fhearaibh laidre na chomhnaidhe san ait seo fadó, mar atá. Tomás Ó Rourke agus Seán Ó Faoithigh, ó Gleann Doimhin, Seán Ó Tailtigh, ó Clocanmór. Sean Ó' Conchubhair agus(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Cudathaighe
- Gender
- Female
- Informant
- Tomás Ó' Conáin
- Gender
- Male
- Address
- Boolynamiscaun, Co. an Chláir