School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)
- Location:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Teacher: Seosamh Mac Dáibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó, fadó riamh bhí a lán saidhbhris in Éirinn, ach ní mar sin atá sí anois. Nuair ná raibh aon aith ag na daoine cun an saidhbhris do chuir ann chuiridís é isteach i malaí mór agus chuiridís é ibhfolach san dtalamh. Sé an fáth a chuiridís san dtalamh é mar bhí eagla ortha roimh na Lochlannaigh agus na Danair. Mar sin bhí cuid mhaith de shaidhbreas ag na Lóclannaigh agus chuireadar é ibhfolach leis. Tá sgeal agam a chualas ó m'athar idtaobh óir atá ibhfolach. I Sliabh Calláin atá in-aiche tíge móire. Deirtear gur fé crainn atá sé agus gur Duda a chuir ann é. Tá sé istíg i mála mór, agus bionn madra dubh le feiscint ann i bhfeighil é. Aon oidhche amhain bhí fear ag cuimhneamh ar an óir agus chuaidh sé ar maidin agus chuir sé mharch ar an crann idtreo go mbeadh eolas ar an gcrann um thráthnona nuair a thiochfad sé cun an t-ór d'fhagail. D'fhag sé mar sin é go dtí an trathnóna agus nuair tháinig sé cun é d'fhágail bhí an mharch ceadna ar gach aon crann mór thimcheall na háite, agus ní raibh fhíos aige cad é an crann. Nuair bhí sé ag dul abhaile bhuail duine de na comharsanaibh air agus d'iarr sé air cá raibh sé ag dul, agus d'innis sé an sgeal go léir dó. Nuair do chualaidh sé an sgeal chuir sé ar an mbothar ceart é agus as san amhach níor thugadh aon iarradh (?) cun é d'fhaghail.
- Collector
- Caitlín Ní Chudathaighe
- Gender
- Female
- Address
- Boolyduff, Co. an Chláir
- Informant
- Séan O' Chudathaighe
- Gender
- Male
- Address
- Boolyduff, Co. an Chláir