School: Scoil N. Mocomóg

Location:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 277

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 277
  3. XML “Ór in Ardrádh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ór in Árdrádh
    Timcheall le seascadh blíain o shion bhí scéal le cloisint i mbeal gach duine a bhí i gCúm Luath go raibh crócha óir curtha fé sgeich ghil thaobh thuaidh tig Tadhg Taidgh bhí srutháinín ag rith i n-aisce na sgeithe agus bhí fhios ag na daoine go léir an áit 'na raibh sí suidhte. Bhí lán daoine ag imirt cartaí i dtig Thaidhg Tadhg. Tháinig an oidhche seo pé scéal é agus bhí seanachaidhe éigin ag innsint scéalta ann. D'innis sé dóibh mar gheall ar an gcrocha a bhí fé sgeich ghil agus d'eirigh buachaill éigin dúbhairt sé go raghaidís ann láithreach bonn bhaill agus d'imthigheadar é féin agus sgata eile dos na buachaillí ina theannta agus bhí rann, sluasad agus cródh aca agus do chromadar ar an obair. Tar éis tamaillín tháinig ar rud éigin leis an gcródh go raibh fothramh balbh le cloisint aca go léir. Cheapadar go raibh an t-ór aca agus annsan bhí athar an domhain ortha go léir agus thosnuigheadar ag rinnce agus ag léimrig mór timcheall na páirce.
    Rugadar ar an rann chun na liche d'iompuig amach agus mo leun ní raibh tárg na tuairisg d'ór d'fhághail. Rugadar ar an mbródh airís agus d'airigheadar an rud cheudhna fé mar a d'airigheadar an chéad uair roinnt sin. Rugadar ar an rann airís agus do dheineadar amhlaidh agus do thuit an rud san amach airís díreach mar a thuit amach an chéad uair. Leanadar ar feadh tamaillín eile agus fé deireadh d'imthigheadar abhaile agus o'n lá san amach níor thugadar aon íarracht eile chun an óir d'fhághail tá cuid aca san 'na mbeatha fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán O Macháin
    Gender
    Male
    Address
    An Chaolchoill, Co. Chorcaí
    Informant
    Buachaillí atá ag teacht ar scoil anseo
    Gender
    Male
    Age
    10