Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 145
- XML “Conas Mar a Bhuaigh an Cunsailéir Óg ar an gCunsailéir Críonna i mBabhta Dlí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na máirnéalaigh. ach má seadh léim fear tíghe an tabháirne amach thar chúntar agus dubhairt sé leo deire a bheith leis seo mar saghas oibre, gur gheárr ó thuit achrann amach cheana annso ar shlíghe is gur marbhuigheadh duine agus mo thruagh an té mhairbh é , ar seisean , is geárr go mbeadh sé ar a thriail chun a chrochta. "Ní imtheóchaidh faic ar sin," arsan Counsileár Óg,leigfear amach saor é féin. Conus a leogfaí amach saor é, arsa fear an tábhairne. Nár mhairbh sé le n-a thoil an fear san ,agus táim féin mar fhídhneidh air gur mhairbh sé é. A gcuirfeá geall síos , arsa Counsiléar Óg. Chuirfinn , arsa fear an tábhairne. " Cuirfead arsa fear an tábhairne. Cuirfead céad púnt síos go go saorfar é é arsan Counsiléar. A' gcuirfir céad eile im choinnibh . Cuirfead arsa fear an tabháirne .Ach mo thruagh mór tú, a mháirnéalaig bhoicht. Sin é an céad a chaillfir." Chuadar i lathair duine creideamhnach eigin a bhí sa tsraid. Chuir na h-aoinne acu céad púnt ar a láimh, agus cheangladar iad féinig 'na láthair, agus do ghealladar an geall a thabhairt don té a bheadh 'na theideal taréis na trialach. Tháinig an lá 'na raibh an triail acu, agus deaghaidh an Counsiléar Óg ar an dtriail, Bhí sé ag oibriú don té go raibh an chúis air, ach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Seocfrada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí