Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duit-se agus seól dómhsa agus beidh sé déanta fé cheann nóimeat. Teidhir a chodhladh a chailín críonna. Fan go fóill a ghiolla mailitís. Cad na thaobh san a chailín críonna , mar caithfeadh bairlíní a dhéanamh de, agus bhíodar déanta fe cheann nóimeat. Téidhir a chodladh a chailín críonna. Fan go fóill a ghiolla mailítis. Cad na thaobh sa. chailín chríonna mar caithfeadh dul go dtí an tobar fé dhéin galún uisge. Nuair a chuaidh sí amach bhuail fear léi. Dubhairt sé léi na haon nídh a dhéánamh fé mar a dearfadh sé féin léi. Dubhairt sé léi a cosa a níghe agus an t-uisge a chaitheamh amach.Ní haon ana las atá istigh agat. Nuair a bheidh tú ag déanamh ar an dtig cuir béic asat agus abair é seo. Cnoc na mban Fíonn agus cnoc ós a chionn fé bhárr lasrach. Anaman diabhal arsa'n fear tá mo bhean is mo pháistí fé bhárr lasrach. Do rith sé an doras amach . Do dhún sí an doras na dhiaidh. Níor dhein sí acht braoin uisge do chaitheamh sa chorcán agus do nigh sí a chosa agus do chaith sí an t-uisge an doras amach. Níor raibh acht san déánta aice nuair a tháinig an fear arís agus dubhairt leig isteach mé, leig isteach mé a uisge na gcos.N 'fhéadfainn é arsa uisge na gcos mar táim lasmuigh díot. Leig isteach mé a thlúighlín. N'fhéadfainn ,é arsa 'n tlúgh- lín mar tá mo cheann fé 'an taobhán. Leig isteach mé a dhroll. N'fheaffainn é arsa'n droll mar táim(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Diolláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Cinn Aird Thiar, Co. Chiarraí