Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí sí ag sníomh ana dheanach oidhche amháin. Do ghaibh seana-bhean isteach chúiche agus thosnuig sí ag sníomh na teannta. Ba gheárr gur ghaibh a thuille seana-mhná isteach agus thosnuigheadar ag sníomh. I gcionn tamaill dubhradar le bean an tighe buicéad uisge a thabhairt isteach chúcha chun go ndeanfhaidís cupán té. Chuaidh sí amach fé déin an uisge agus dfan sí tamall cois an doruis ag éisteacht leó féachaint cad a bhí ag siubhal aca agus sé an rud adubhardar ná nuair a thiocfadh sí isteach leis an uisge, go gcuirfidís i féin ag beirbhiú sa chorcán i naonfheacht leis an uisge. D'imthig sí uirthi annsan agus bhuail sí a cos ar chloich, agus dubhairt sí ná leogfá-sa dhom féin mar ní beag dom atá ar thí mé marbhíúghadh. Mise do mháthair ars an chloch agus nuair a raghair isteach anois abair leis na seana-mhná go bhfuil Sliabh na mBan tré teine. Dhein sí fé mar adubharadh léi agus súid leó amach. Daingnig bean an tíghe an babhlta sa doras na ndiaidh agus chuaidh sí chodhladh di féin. Ba gheárr gur thángadar agus fearg ortha toisc gur innis sí éitheach dóibh. Dubhradar léi oscailt ach ní oscalóchadh sí dóibh. Dubhradar leis an dtlúgh oscailt ach dubhairt an tlúgh go raibh sé féin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí