Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsan , agus sé dubhairt Silbhestar , nár mhaithibh Dia dhuit é, go maithfeadh-sa dhuit é. D'fhan an sgéál mar sin go ceann sgaithim blianta.Tháinig Silbhestar abhaile, is do phós sé agus do bhíodh sé ag iascach i -naonfheacht leis na h-iascairí eile bhí tímcheall. Deabhruighim gur cailleadh an cailín a bhuail an buile air agus taréis báis di bhí sé dhá feiscint gach tráthnóna lé h-aghaidh gréine i dul i bhfarraige. D'aithin sé í acht n'fhéadfhadh sé labhairt chúichi, D'innis sé a cás dos na hiascairí eile ,agus aon tráthnóna amháin do bhailígheadar tímcheall air ag tabhairt misnigh dó labhairt chuichi. Do labhair sé chúichi is b'fhiosruig di cad a a bhí uaithi. Á ba mhaith dhuit a Shilbhester gur labhrais ar sí. An cuimhin leat nuair a bhuaileas leis an stráice éadaigh thú, nuair a bhís lastoir de chnoc ,agus dubhraís nár mhaithidh Dia dom é, go maithfá féin dom é. Maith dom anois ar sí . Is cuimhin liom go maith arsa Silbhestar agus táim dhá mhaitheamh san duit. Ní dhéanfaidh san an gné dhuit ar sí sin. Tá turas orm sa gan tabhairt i Loch Caoinleáin ,agus caithfhir é a thabhairt thar mo cheann, annsan n'fheicfhir mise go deó arís. Do gheall sé dhi go dtabharfadh . San am san do bhíodh mhuinntir an bhaile ag dul go Néidín lé prátaí , ' á ndíol, Ins na bádaibh a bheiridís leó iad tímcheall na farraige. D'imthig Silbhestar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Leathlobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí