Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 227
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)láímh ag éileamh.Bhí duine de's na Connallaig go dtugaidís "Muiris a Chaipín" air ina thighearnaí talmhan ar Doire Fhíonáín agus bhí sgian dubh aige nuair theastóch uaidh aoine teacht ós comhnuide cuireadh sé an sgeun dubh cuige mar bharántas.Bailigheadh na Deacmhaighthe sa ceanntair seo fadó. Siad na Ministirí a bhíodh ar an gCoirean a bailigheadh sa duthaig seo iad go dtí an bliadan 1838. Thógaidís airgead nó stoc mar a dheineann na baillí sa tsaogal atá anois againn. Bhí na daoine ag chur na gcionnibh go mór agus is minic a tugtaí bataráil don lucht bailighthe.Bhí fear ar an gCarraig annso i nDoire Fhíonáin gurbh ainm do Séan Ó Seaghdha agus tá sé i mbéulaibh na ndaoine fós cad a dhein sé leis an Ministir.Uair amháin dá dtáínig an Ministir a bailiú na Deacmhaighthe cuaid sé ag triall ar Seán acht in ionad aon rud a thabhairt don Ministir is amhlaidh ghabh Seán de lámhaibh is cosaibh air.Bhí Seán le chur ar a triall ar na Ceathramha sheiseón a bhí chuigainn agus mar bádhmhairige in Éirean é bhí an breitheamh a teacht ar cúaird go Doire Fhíonáin le cois Dhómhnall Uí Connaill. Tháínig Seán ag triall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dómhnall Ua Céitig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Faisnéiseoir
- Bean N. Ní Céitig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Doire Fhíonáin, Co. Chiarraí