Scoil: Ráithín (C.) (uimhir rolla 9384)
- Suíomh:
- An Ráithín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peig, Bean Uí Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráithín (C.)
- XML Leathanach 053
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Cois abhainn i gClaedheach do cáiteas tréimhse i dtosach mo shaoghail”
(ar lean ón leathanach roimhe)Le h-éirighe na gréine nó oidhche ghealaighe
Bhí a gcapaill go gléasta fé arm is éide
Is iad san féinig go ndéanfaidís gníomh111.
Bhí gach aoinne ar na h-árdaibh is go deimhin ní le h-áthas
Féachaint a b’fhéidir scéalta a thabhairt ar an n”deed”
Bhí capaill ar direachad le fuip is le géar-spuir
Féachaint an b’fhéidir iad féin a chur síos
Bhí na ba is na laoigh ann is na h-uain óga ag méidhlig
Gach fear mar a b’fhéidir a cur thar fiarásh
Bhí an siorrach san láir ann ag rith is’ ag rás ann
Is gach fear mar a dtáinig á cur ar an slighe1V.
Bhí Rathaille an báille aniar ó Chill Áirne ann
Is Seán Seárs an báille amach ó Traighlí
Go b’annacrach náireach le “decree” an mháighistir
Is go deimhin go ceann ráithe níor b’fheárrde thú a ghnaoi
D’imthigheadar féinig go tinn is go tréith lag,
Gan costas an lae acu na fagháil ar an gcíos
Is gurbh ‘é’ adubhairt an “t-agent” nár tháinig riamh go h-Éirinn
Rud ba mheasa do féinig ná an “National League”N.B. I n-aimsire an “Land League” a rinneadh an t-amhrán so. Donnchadha Ó Loinghsigh a chúm.
Donnchadha an Chí a glaoidhtí air mar go raibh comhnuidhe air ag bun an dhá Cích i gClaedheach. Níor dhíol sé na cíosa agus tháinig na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Amhlaoibh Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Glaise Chormaic, Co. Chiarraí