Teistiméireacht Eoghain Ruadh
Buachaill aimsire a bhí ann nár tháinig leis teistiméireacht d’fhághail ón duine ag a raibh sé ar aimsir. Bhí sé leisceamhail fallsa agus le na chois sin bhí sé árd-aereach agus caitheadh an oidhche ag scoruidheacht i dtigh comharsan éigin. Ní nách iongnadh ní bheadh sé i n-ann lá maith oibre a dhéanamh an lá dár gcionn. Bhí sé ag teannadh air aon stróc oibre a fhághail sa deire mar ní ghlacadh aon fheirmeóir san am úd sglábhuidhe gan teisteiméireacht maith aige mar go raibh cuid de’n dream narbh aon chuideachta fhóghanta i dtigh iad.
Comharluigh duine éigin do sa deire dul agus iarraidh ar Eoghan Ruadh teisteméireacht a sgríobhadh amach dó. Chuaidh sé agus d’innis a sgeal d’Eoghan. Thug seisean fé-ndeara láithreach ná raibh an buachaill ró cliste agus chinn sé an chleas a imirt air. “Seadh” ar seisean “sgríobhfad teistiméireacht duit agus geallaim-se dhuit go bhfaghair obair do dhóithín as so amach. Tharraing sé chuige peann agus dubh agus sgríobh an teistiméireacht mar seo:-
“ A Dhiarmuid, b’é an riabhach dom tú a chur sa t-súsa,
Agus a Dhiarmuid, b'é an dhá riabhach dom annsan tú a dúiseacht
Agus a Dhiarmuid nuair déarfainn “siar” leat soir do raghfá
Agus a Dhiarmuid níor dheinis riamh dom ao’ rud le duthracht.”
Bhí Diarmuid bocht lán t-sásta leis féin annsan
(leanann ar an chéad leathanach eile)