Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bloscaod Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

gol agus do thug sí a h-aghaidh síos ar an bfarraige agus do thug sí léithe a cuid cloinne. Nuair do tháinig an fear abhaile do chonnaic sé go raibh a bhean imthighthe agus an uair sin do chuimhnig sé ar an ndearmhad a bhí deanta aige. Do bhí sé ag glaodach uirthi ach ní thug sí aon tor air. Brúch a beadh an bhean san riamh ó shoin nú Maighdean Mhara.

Bhí fear ann fadó. Lá amháin do chuaidh sé ag fiadhach siar ar an gcnoc. Bhí sé ag imtheacht síos agus suas timcheall na h-áite. Nuair a bhí smut do'n lá caithte aige do thug sé tamall ag feachaint síos sa chladach agus bhair fé na leath-cheann aige agus é ag smaoineamh do féin. I gceann tamaill do chonnaic sé an bhean

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge