Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i gcómhaidhe. Do threabhaidh sí léi aniar amach go dtí gur tháinig sí comh fada aniar le speir Mháire Ní Cheárna. Tá leac annsan agus bhuail an bád uirthi agus tá leac bradly mar ainm uirthi ó shoin mar is bradly an sloinn a bhí ar Captaoin an Árthaigh. Do chaith an chloch isteach tamall í agus threabhaidh sí léi soir go dtí lár na trága. Do chaith sé ancaire amach annsan. Do bhíodar amuigh agus iad dá leathadh leis an bhfuacht. Do chuimhnigheadar ar chleas. Do thugadar an téad do cheann des na fir le tabhairt isteach acu agus bhí an iomarca suaithadh ann agus d'imigh an fear fé thóin an bháid. Do bhí madra annsan ar bórd agus thug sé isteach slán ar an gcráig í. Do choimeád muinntir an oileáin an téad agus bhíodar ag teacht isteach. Do bhí tonn mór ag teacht agus choimeád muinntir an oileáin an téad ró mhór agus bhris sí. Do báthadh an dream a bhí amuigh ach tháinig an dream a bhí istigh saor. D'imigh an Captaoin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Tom Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58