Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 137
- XML “Na Tiarnaí Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aici scoil Cill Mhic a Domhnaig, an fhaid a bhead sí ann is ag a clann na diaidh. Thóg sí tig nuadh is bhí a hathair in aoinfheacht léi. Phós Cáit is mhaireadar go lántsásta acht tá Cait Bhán is a fear marbh anois is Flathais Dé go bfuighidh a nanam.
Lord Ventry. Do bhí cúirt mór aige seo i mBaile 'n Ghóilin. Is innte anois atá Coláiste Íde. Sasanaig ar fad a bhí ann. Do bhí Lord Ventry ana chruaidh. Bhaineadh sé an stoc dos na daoine. Do chuir sé fear as a chuid talmhan i dtaobh ná raibh sé ag díol cíosa is roinn sé an talamh air na daoine a bhí ag díol an cíosa leis.
Lord Mullins. Do bhí sé sin is Lord Ventry ag obair as láimhaibh a chéile. Beirt dearbhrathair a b'eadh iad. Do chuiridís báillí go dtí sna daoine ná bíodh aon chíos a dhíol aca. Tosnuigheadar ag roinnt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eiblís Bean Uí Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 60