Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na báid amach agus b'éigin dóibh imtheacht agus tabhairt fé'n dtráig bháin. Chuireadar na pílears agus na báillí i dtír ar an dtráig. Bhí casán caol ag dul suas agus d'fan muinntir an Oileáin ar bhárr rómpa i mbarra an chasáin. An céad gárda shín sé a lámh go dtí fear ón Oileán chun cabhair a thabhairt do. Bheir fear an Oileáin ar chaol láimhe air an ngárda agus thairring sé chuige aníos é. Nuair a fuair sé leath-slíghe é bhog sé do'n láimh agus sgaoil sé síos é. Bhuail an chéad fhear air an dara fear agus mar sin dhóibh gur buaileadh thíos iad. Níor marbhuigheadh iad tuisg gur san ngainimh a buaileadh iad. Ba ghairid Dia leó na báid rómpa an uair úd chun teicheadh le na nanam.