Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 127
- XML “Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Trapanna. Bhídís seo deanta do iarann slabhra agus staic chun iad a cheangal do’n dtalamh. Chuiridís iad roimh madraí uisge agus coinniní agus bheiridís ortha. Cliabhán éin. Bhíodh sé seo déanta do thuigí agus líon churtha timcheall air. Cuirtí brúsgar isteach fé. Do mheallad san na heanluighthe. Geitrí. Dheinidís hataí móra árda ar nós hata saighdiúra. Dheinidís criosna agus hataí dóibh leis. Sligrín. Dhéanfá é seo de theanga bráige. Chuirfeá dá chórda caol ar a dhá cheann. Do chuirfeá cúpla cloch isteach ann leigfá lé ceann des na córdaí agus raigheadh na clocha na mílte ó bhaile.