Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 108
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seaghadh. Sé an sloinne is mó ann ná Ceárna.
Siad seo na daoine aosta atá ann.
Seán Ó Ceárna — fear ana láidir a b'eadh é. Níl sé amhlaidh anois mar tá taom maith dá aos tagaighthe. Tá an radharc ag teip air agus caitheann sé an chuid is mó dá shaoghal san leabaidh.
Micheál Ó Seaghadh. Bíonn sé seo isteach agus amach do féin fós.
Máire Ní Cheárna. Bhead sí seo go maith leis mar a mbeadh gur theip ceann dá cosa uirthi. Mar sin féin is féidir léi siubhal amach le cabhair ón mbata láimhe.
Eibhlín Ní Chatháin. Tá sí seo go láidir fós isteach agus amach di féin ag déanam beagán gnótha.
Máire Ní Cheárna. Níl sí seo ró mhaith leis mar tá an radharc ag teip uirthi.(leanann ar an chéad leathanach eile)