Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 087
- XML “Scéal Fathaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceart annsan fé mara bhí sé rómpa. I gceann tamaill na dhiaidh sin chualadar mar a bheadh fothram ag teacht. Siúd leó anáirde i mbárr an tíghe. Tháinig fathach mór granda isteach é féin agus a bhean.
"Óam, faghaim bolath an Éireannaig bradach," arsa an fathach. "A mhnaoí choir téir ar a thóir," ar seisean le na bhean.
Déin sí amhlaidh act bhí sí ró leisgea[mh]ail chun dul go bárr an tighe.
"Ara," ar seisean leis an bhfatach, "iseadh tuigtear duit é. Bolath an méidh daoine atá ithte ó mhaidean agat atá tú ag fághail."
"Is dócha go fíor tú a bhean chóir," ar seisean.
Bhí dhá mhala óir le na dtaobh an tráth seo. Nuair a bhí leath-úair chodhalta déanta aca d'eireigheadar; gluaiseadar leó agus chuadar amach ar chlaidhe mór a bhí in aice faille móire. Siúd leó ag(leanann ar an chéad leathanach eile)