Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 021
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Connus plainnín a dhéanamh.
An olann a nigheadh agus a ghlanadh agus í a smeara le h-oíle; bean abhrais a fhághailt agus bean cárdála ag deanamh roiléití; an bhean abhrais ag sníomh go tiugh air an dturann. Deineadh sí dá sórt snáithín an dlúth agus an t-inneach.
Deilbh.
Sé an dlút a deilbhightear air an bhfalla. Sé an chuma a deilbhightí é seo ná cipíní a chur isteach san bhfalla thíos agus thuas, an dréimirde a bhuala idhir dá lothta ceann tíos agus ceann thuas. Dá cheirtlín mhóra air lár an thighe; ceann gach snáithín a chur isteach sa fáinní agus a bheith síos suas ó chnis go cnis. Bhíodh cnis ar gach ceann de'n phlainnín chun é a deilbh i gceart. Taithighe maith nár mór duit a bheith agat chun é a deilbh i gceart.
An tineach.
Chaithfeadh sé a bheith agat chun é a thabhairt go dtí an bhfighdeóir chun é a chur(leanann ar an chéad leathanach eile)