Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 198
- XML “Fionn Mac Cumhaill”
- XML “Gaiscíoch na Míoltóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sean-fear gur cailleadh é.
- Gaiscidheach Na Míoltóg.
Bhí táilliúr ann fadó agus sé'n t-ainm a bhí air Gaiscidheach na míoltóg. Maidin Shamhraidh bhí sé ag obair ina shiopa agus tháinig sean-bhean ag an doras ag díol feóla agus cáise. Cheannuigh sé leath-phunnt feóla agus trí hunnsaí cáise. D'ith sé cuid dhó agus do leag sé suas an méid eile. Tháinig na míoltóga agus thosuigh siad ag luighe air. Fuair an táilliúr píosa éadaigh is bhuail na míoltógaí agus do mharbhuigh sé seacht gcinn aca. Cheap an táilliúr go raibh gaisce mór déanta aige. Dubhairt sé go dtiubharfadh sé le rádh de'n domhan. Fuair sé píosa de éadach agus sgríobh sé le cailc air "Seachtar le haon bhuille" agus do chuir sé air a chóta mór agus a bheilt air agus chuaidh amach as a [!] an baile mór
D'imthigh sé leis go dtí fathach a bhí in a chómhnaidhe ar mhullach an chnuic. Bheannuigh sé do'n bhfathach agus bheannuigh an fathach dhó. D'fosgail sé a chóta agus theasbáin sé "Seachtar le haon bhuille amháin".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubháin Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe