Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 197
- XML “Fionn Mac Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt sé go raibh a theirm suas is go raibh sé ag imtheacth. "tá [?] go maith" arsa Fionn "acth deán mo chómhairle - ní téiridh an bhealach a dtáinig tú nó béidh fód do bháis ann". "Biós an romhatsa" arsa mac an tseanfhir "agus ní fhacaidh tú an mhuc a bhí in ann tigheacht rómhaim".
Annsin thug an rí dhá mhadadh agus claidheamh dhó agus d'fág beannacht aige. Nuair a chuaidh sé ag bárr a' chnuic in amharc an bhaile chonnaic sé an mhuc ag teacht in a dhiaidh ag rith. Bhí go léor cubhar ag teacht amach in a bhéal. Sgaoil sé ceann de na madraí fuithé acth mharbhuigh sé é. Sgaoil sé an ceann eile fuithí acht rith an mada le faitchiós. Tháinig an mhuc chuige féin. Rug sé greim air, thóg suas in a béal é is bhuail sé faoi an dtalamh é.
Chuir sé béic as is chuala is chualaidh an deirbhshiúr a bhí sa mbaile é. "Tá mo dhearbhrathair i ngéibheann cruaidh" ar sise. D'eirigh seisean is leag sé an mhuc is bhain sé an radharc aistí. Leag an mhuc aríst é is chuala an cailín é is dubhairt sí go gcaithfeadh sí dul le congnamh a thabhairt dhó.
Do chuaidh sí síos go bord an locha is shnámh sí treasna acht nuair a bhí sí gar do'n taobh thall báthadh í. Fuair na chomharsain an drioathar is an mhuc caillte ar thaobh an chnuic.
Sin é mo sgéal-sa dibh le mo bheul [?] sa. Cailleadh iad sin agus bhí an sgéal cráidhte ag an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Ainmneacha eile
- Tomás Seoighe
- Tomás Sheáin Mhóir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe