Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)doras fadó agus dá dtéigheadh sé annsin go mbeadh fhios aige cén fáth [> annsin fhios fághail cén fath?] nach raibh ubhla ag fás air. "Tá go maith" ars an buachaill. D'imthigh sé leis aríst nó go ndeachaidh sé go dtí teach eile. D'fiafruigheadar dó cá raibh sé ag dul, agus d'innis sé dóibh "Má theigheann tú annsin "adubhairt fear aca "bhíodh sruthainín ag rith anuas taobh thiar do'n teach, srutháinín fíon a bhíodh ann, agus níl ag teacht anois ann acht uisge". "Tá go maith" ar seisean.
Bhí sé ag imtheacht leis annsin agus ag síor imtheacht nó go ndeachaidh sé chuig bád a raibh fear ann ar loch. Suidh sé isteach sa mbád agus d'fiafruigh an bádóir dhó cá raibh sé ag dul agus d' innis sé dhó. Sin é thuas an teach anois a bhfuil tú ag dul ann, agus tá mé ceapadh go bhfuil droch sheans agad mar is beag duine thagas slán ón teach sin. Acht má thagann tú arais bíodh fhios agat cé'n fáth athá ag cinnt orm'sa an bád seo a fághail le fada. "Má thagam slán ón ngábhadh" ar seisean. Dhírigh sé suas go dtí an teach agus ní raibh ann acht sean - chailleach. D'fiafruigh sí dhó cé thug annsin é. Dubhairt sé léithe go raibh sé ar thóir an chleite óir. Leag sí anuas béile chuige agus dubhairt sí leis é ithe go beo tapaidh nó go mbeadh an fear a bhí ag fiadach isteach chuige agus go marbhóchadh sé é. D'ith sé a bhéile. Annsin dubhairt sí leis dul síos i bpoll faoín teach. Chuaidh.
Níor bh'fada go dtáinig an fear a bhí ag fiadhach isteach. Annsin chuaidh an bhean go dtí an buachaill a bhí sa bpoll agus dubhairt sí leis go raibh sé tagtha. Annsin dubhairt an buachaill leis an mnaoi a rádh leis go raibh crann ubhla ag fear ar a mbaile a mbíodh ubhla óir ag fás air agus nach bhfuil ubhla ar bith ag fás air anois agus freisin go raibh sruthán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bhúrca
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam de Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann