Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad aon nidh air acht an litir. Léigheadar í agus séard a bhí sa litir an stócach bocht a bheith curtha chun bháis sul a dtiocfadh an drioathar saidhbhir abhaile. Fuair na robálaithe píosa de pháipéar agus séard a chuireadar ann inghin an drioathar saidhbhir a bheith pósta le mac an fhir bhoicht.
Dhúisigheadar é agus thugadar béile maith dhó agus bhí an bhród aca as. Coimeádar an oidhche sin é agus thug siad lóisdín na hoidhche dhó. Lá ar na bhárach thugadar leobhtha é agus theasbáin siad an bhealach ceart abhaile dhó. Nuair tháinig sé abhaile thug sé an litir ceart do bhean an fhir saidhbhir agus chonnaic sí an rud a bhí ann. Dubhairt sí annsin go gcaithfead siad pósadh. Phósadar beirt.
Annsin nuair tháinig an fear saidhbhir abhaile agus nuair chonnaic sé an cleas a bhí déanta is beag nár cailleadh é le náire. Dubhairt an fear saidhbhir leis an mbuachaill seo dul soir go dtí an Domhan Thoir agus an claite a bhí faoin laichin óir a thabhairt i láthair. "Déanfaidh sin" ars an cliamhan. Annsin dubhairt an drioathar saidhbhir leis gan an dara béile a chaitheamh ar aon bhord ní codlad ar aon leabhaidh an dara oidhche no go dtéigheadh sé go dtí an Domhan Thoir. D'imthigh sé leis annsin nó go raibh an oidhche ag teannad leis. Chuaidh sé isteach i dteach a raibh sean fhear. Bhí sé ag cainnt leo annsin nó gur iarr an sean fhear air cá raibh sé ag dul.
Dubhairt an buachaill leis go raibh sé ag dul go dtí an Domhan Thoir ar thoir na cleite óir. Dubhairt an sean fhear leis annsin go raibh crann ubhall óir taobh amuigh do'n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bhúrca
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam de Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann