Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 150
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)36.Muiltín iarainn agus ruball olann as Freagra: Snáthad le snáithe olann
37.Cén fáth bhíos an mada gul thart nuair bhíos sé ag dul i luighe Freagra: Mar níl sé indon
comhaireamh
38.Is cruinne é ná mo cheann agus is faide é ná na míltibh crann Freagra: Ceirtlín snaithe
39.Teach mór mór é , coinnleoir óir é , tús i gceart é , is ná lig thart é Freagra:Flaitheas
40.D'iarr mé é is fuair mé é agus b'fhurasta dhúinn é d'fhághail rud nach b'fhuair Dia agus nach
féidir leis fhághail Freagra: Tá máistir ós cionn muidí rud nach bhfuil ós cionn Dia.
Maighréad Ní Bhúrca(15 blianta d'aois)
Seanafarachan S.N
Fionnmhuighe
An Fháirche
41.Chugat, chugat tríd an lios
Fear gan léíne fear gan chrios
Fear na coise caoile cruaidhe
Nach é mo léan é bheith gan siubhal.
An bás- Bailitheoir
- Máighréad Ní Bhúrca
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15