Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 149
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)149
27.Cé méid ruball de bhó a shroicheas an spéir Freagra: Aon ruball amháin
28.Amach idir dhá mhaide agus isteach idir dhá uisge Freagra: Amach idir dhá ursain agus isteach idir dhá channa uisge.
29.Lán páirse de ghamhna bhána agus gamhan dearg istigh eatorra. Freagra: Do chuid fiacla agus do theanga.
30.Feiceann tusa agus feiceann mise , is giorra domsa ná duitse é. Freagra: Cúl mo chinn
31Cupán gan tón gan cheann Freagra: Méarachan Tailliúra
32.Tuilleach na ceadaidh ann is gan tuilleach mo chuid éadaigh ann. Freagra: Míoltóg
33.Cé an difear atá idir gloine agus stáin .Freagra: Tá tú in ann tú féin feiceál sa ngloine ach níl sa stáin.
34.Gabhann sé isteach tirim agus amach fliuch dá fhaid da b'fhágadh sé seadh an chaoi is fearr é.
Freagra: Té
35 Siúd sa gclúid é agus dhá chois as Freagra: Tlúgh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighréad Ní Bhúrca
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15