Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t Saighdiúireacht Fóir-éigeantachMá thárluigheann leis an sgéal seo
Na fir a thabhairt as Éirinn,
Béidh cogadh gan aon bhréag ann
'S dóirtfear fuil go leór.
Béidh Sasanaigh 's Sinn Féinnidhe
A' troid 's a' marbhú 'chéile
'S mara ndéanaidh Muire Réidhteach
Ní bhéidh in Éirinn aon fhear beo.II
Gluaisighidh a chlann na hÉireann
'S cuidighidh le na chéile
Mar níl dul ó bhás go léir againn,
Is fíor go dtiocfaidh an lá.
Cuimhnighidh ar ár dTighearna
A crachadh 's a céasadh
Má fhághaimíd bás ar son na hÉireann
Ní chlaonfamaíd ón mbás(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Báille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe